General, Funding, Artists, Organisations, Partnerships

Irish-language Theatre Award 2025

3rd July, 2025

· Funding offered by Arts Council Ireland/ An Chomhairle Ealaíon across three strands, in partnership with Arts Council of Northern Ireland

· Up to €400K to create and tour an exceptional theatre production in Irish

· Largest single award ever offered by either Arts Council on a once-off basis for theatre

Two actors on stage with Votes for Women signage in the background.
Production image of ‘The Making of Mollie’ by Ros Kavanagh in The Ark, 2024

Today, the Arts Council/ An Chomhairle Ealaíon announces the Irish-language Theatre Award 2025, delivered in partnership with the Arts Council of Northern Ireland (ACNI).

This award seeks to support the development, generation, and creation of high-quality Irish-language theatre and to provide more people throughout the island of Ireland with access to high-quality Irish-language theatre experience

The Irish Language Theatre Award underscores both Arts Councils’ ongoing commitment to supporting the Irish language in the arts.

Applications for the award are invited under three strands:

Strand 1: Play Development

To afford time to develop a new Irish-language play. Maximum award: €15,000

Strand 2: Theatre Creation

To support innovation, experimentation and collaboration in Irish-language theatre. Maximum award: €26,000

Strand 3: Production and Touring

To support the creation and touring of a mid/large scale theatre production in the Irish language. Maximum award: €400,000

The Production and Touring award (Strand 3) remains the largest single theatre award ever offered on a once-off basis by either Arts Council. ACNI has contributed £20,000 to this strand. The awarded project will include an embedded evaluation process to help measure the award’s impact and inform future approaches.

The Arts Council/ An Chomhairle Ealaíon is committed to running this award for three consecutive years, with further calls for applications to follow in 2026.

Both the Arts Council/ An Chomhairle Ealaíon and the Arts Council of Northern Ireland remain dedicated to supporting Irish-language arts and enabling people across the shared island to access high-quality theatre experiences.

Maura McGrath, Chair of the Arts Council/ An Chomhairle Ealaíon, said: 

"The Arts Council is committed to investing in work that both celebrates and sustains the Irish language. This award represents not just financial support, but a clear recognition of the cultural, linguistic, and artistic value of Irish-language theatre. We look forward to seeing the creative ambition this opportunity will inspire."

Roisín McDonough, Chief Executive, Arts Council of Northern Ireland, said: 

"We are delighted to partner with An Chomhairle Ealaíon in funding and delivering this groundbreaking initiative. The Irish-language Theatre Production and Touring Award demonstrates our shared commitment to supporting artistic endeavours that transcend borders and unites communities through the arts."

Applications for the 2025 award are now open and close at 5:30pm on 31 July 2025. To apply visit https://artscouncil.ie/funding...

Dámhachtain Amharclannaíochta na Gaeilge 2025

· Maoiniú a chuireann an Chomhairle Ealaíon ar fáil faoi thrí shnáithe, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann

· Dámhachtain suas le €400K chun léiriú amharclannaíochta den scoth i nGaeilge a chruthú agus dul ar camchuairt leis

· An dámhachtain aonair is mó riamh a thairg ceachtar den dá Chomhairle Ealaíon ar bhonn aonuaire don amharclannaíocht

Inniu, fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Dámhachtain Amharclannaíochta na Gaeilge 2025, arna seachadadh i gcomhpháirtíocht le Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann.

Tá sé mar aidhm leis an dámhachtain seo tacú le forbairt, giniúint agus cruthú saothar ardchaighdeáin amharclannaíochta as Gaeilge le go mbeidh rochtain ag níos mó daoine ar fud na hÉireann ar eispéireas ardchaighdeáin amharclannaíochta as Gaeilge.

Is léiriú í Dámhachtain Amharclannaíochta na Gaeilge ar thiomantas an dá Chomhairle Ealaíon tacú leis an nGaeilge sna healaíona.

Cuirtear fáilte roimh iarratais ar an dámhachtain seo faoi thrí shnáithe:

Snáithe 1: Forbairt dráma

Is é cuspóir an tsnáithe seo am a chur ar fáil chun dráma nua Gaeilge a fhorbairt. Uasmhéid na dámhachtana: €15,000

Snáithe 2: Saothar a chruthú don amharclannaíocht

Is é cuspóir an tsnáithe seo tacú le nuálaíocht, triail agus comhoibriú in amharclannaíocht na Gaeilge. Uasmhéid na dámhachtana: €26,000

Snáithe 3: Léiriú agus camchuairt

Is é cuspóir an tsnáithe seo tacú le léiriú amharclannaíochta meánscála/mórscála a chruthú i nGaeilge, agus é a thabhairt ar camchuairt. Uasmhéid na dámhachtana: €400,000

Is í an Dámhachtain um Léiriú agus Camchuairt (Snáithe 3) an dámhachtain aonair is mó riamh a thairg ceachtar den dá Chomhairle Ealaíon ar bhonn aonuaire don amharclannaíocht go nuige seo. Chuir Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann £20,000 ar fáil don snáithe seo. Beidh próiseas leabaithe meastóireachta san áireamh sa tionscadal rathúil lena ndéanfar tionchar na dámhachtana a thomhas agus a chuirfidh bonn eolais faoi chur chuige a ghlacfar amach anseo.

Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta an dámhachtain seo a reáchtáil ar feadh trí bliana i ndiaidh a chéile, agus beidh gairmeacha eile ar iarratais ann in 2026.

Tacaíonn an Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann le healaíona na Gaeilge i gcónaí agus cuireann siad ar chumas pobail ar an dá thaobh den teorainn rochtain a fháil ar eispéiris ardchaighdeáin amharclannaíochta.

Dúirt Maura McGrath, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon an méid seo a leanas: 

“Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do shaothair a mhaoiniú lena gceiliúrtar agus lena gcaomhnaítear an Ghaeilge. Ní tacaíocht airgeadais amháin a thugtar faoin dámhachtain seo, ach aitheantas soiléir ar luach cultúrtha, teanga agus ealaíonta na hamharclannaíochta Gaeilge. Táimid ag súil leis an uaillmhian chruthaitheach a spreagfaidh an deis seo a fheiceáil."

Dúirt Róisín McDonough, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann an méid seo a leanas: 

"Tá lúcháir orainn dul i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon chun an tionscnamh nuálach seo a mhaoiniú agus a sholáthar. Is léiriú í an Dámhachtain um Léiriú agus Camchuairt Amharclannaíocht na Gaeilge ar ár dtiomantas comhroinnte tacú le saothair ealaíonta a sháraíonn teorainneacha, agus é mar aidhm aici pobail a thabhairt le chéile trí na healaíona."

Is féidir iarratas a dhéanamh ar Dhámhachtain 2025 anois agus dúnfar an comórtas ag 5:30 i.n., an 31 Iúil 2025.  https://artscouncil.ie/funding-opportunities/irish-language-theatre-award/